Cé Muid?
Triúr comhalta atá ar fhoireann na Cigireachta, a bunaíodh ar an 26 Iúil, 2006, faoi Alt 5 d’Acht an Gharda Síochána, 2005. Is í Kathleen O’Toole an Príomh-Chigire. Mar thaca léi, tá beirt Leas-Phríomhchigirí, Simon O’Brien, iarchomhalta den London Metropolitan Police Service (Seirbhís Póilíneachta Cathrach Londan) agus Kevin Giblin, iarchomhalta den Federal Bureau of Investigation (Biúró Feidearálach um Imscrúdú SAM), Washington, D.C.