Ár gCuid Oibre
Feidhmeanna na Cigireachta
Tugann an Chigireacht comhairle don Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais & Athchóirithe Dlí ar an gcleachtas póilíneachta is fearr.
Baineann an chuid is mó d'obair na Cigireachta le feidhmiú agus riarachán an Gharda Síochána. Déantar cigireachtaí ar iarratas ón Aire Dlí agus Cirt, nó le cead uaidh.
Cigireachtaí agus Fiosrúcháin
Oibríonn an Chigireacht i gcomhpháirt le gardaí ag gach leibhéal idir an bhainistíocht shinseartha ag an gceanncheathrú agus iad siúd atá i mbun dualgas póilíneachta tús líne agus cigireachtaí agus fiosrúcháin á ndéanamh aici. Bíonn idirchaidreamh ag an gCigireacht freisin leis na pobail a mbíonn sí ag freastal orthu. Tugann an Chigireacht faoi anailís chuimsitheach ar bheartais agus nósanna imeachta sa Gharda Síochána agus déanann sí iad a thagarmharcáil de réir na gcleachtas agus na gcaighdeán is fearr i seirbhísí póilíneachta inchomparáidte.
Is é beartas na Cigireachta ná tuarascálacha gonta a sholáthar ina mbíonn moltaí atá dírithe ar ghníomh agus atá curtha in oiriúint do chultúr uathúil na timpeallachta póilíneachta in Éirinn.
De réir an dlí, ní mór gach tuarascáil de chuid na Cigireachta a chur os comhair Dhá Theach an Oireachtais (Parlaimint na hÉireann).
