keven_giblin.jpg

Kevin Patrick Giblin, Leas-Phríomhchigire

Ceapadh Kevin Patrick Giblin mar Leas-Phríomhchigire ar Chigireacht an Gharda Síochána i mí na Bealtaine 2010.

Chuaigh Kevin amach ar scor in Aibreán 2010 tar éis dó 35 bliain a chaitheamh ag obair le Biúró Feidearálach um Imscrúdú SAM. Bhí sé i mbun seirbhíse ar líón mór sannachán bainistíochta agus faisnéise FBI i Stáit Aontaithe Meiriceá agus i dtíortha eile. Tar éis ionsaithe sceimhlitheoireachta 11 Meán Fómhair 2001 sna Stáit Aontaithe, rinne sé maoirseacht ar an obair go léir a bhain le Liosta Faire Sceimhlitheoirí an FBI a chruthú. Ba é Kevin an chéad oifigeach FBI a shannadh chuig Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) sa Bhruiséil, áit a raibh sé i mbun seirbhíse ó 2005-2009 mar Cheannasaí ar Fhaisnéis um Bagairtí Sceimhlitheoireachta.

Ball gníomhach de Chumann Idirnáisiúnta na gCeannasaithe Póilíneachta (IACP). Chaith sé 12 bliain ina Rúnaí Feidhmiúcháin ar Choiste Sceimhlitheoireachta an IACP.

Is céimí é de chuid Ollscoil Naomh Proinsias agus den Choláiste Faisnéise Cosanta.

Fuair Kevin Bonn Scoth na Seirbhíse SAM i 2001. Ina theannta sin, fuair sé Dámhachtain Sársheirbhíse ón IACP i 2004.