Kathleen O’Toole photograpth

Kathleen O' Toole, Príomhchigire

Ceapadh Kathleen O' Toole ina Príomhchigire ar Chigireacht an Gharda Síochána i mBealtaine, 2006.

Ceapadh Kathleen do Phóilíní Bhostún i 1979, agus chuaigh sí suas sna ranganna póilíneachta i Massachusetts. Bhí róil allamuigh, fhiosrúcháin agus riaracháin aici. Bhí sí ina Ceann ar an Metropolitan District Commission Police, ina Leifteanant-Coirnéal ar Massachusetts State Police, ina Rúnaí Sábháilteachta Poiblí Massachusetts agus ina Coimisinéir Póilíní Bhostún.

Freisin bhí Kathleen ina ball den Choimisiún Neamhspleách ar Phóilíneacht i dTuaisceart Éireann (Coimisiún Patten) a d'fhorbair creat nua do phóilíneacht agus slándáil sa Tuaisceart.

Bhain Kathleen céimeanna amach i Boston College agus sa New England School of Law. Glaodh chun Barra Massachusetts í i 1982.