Ceisteanna Coitianta

  1. Céard í Cigireacht an Gharda Síochána?

    Is é atá i gCigireacht an Gharda Síochána ná comhlacht reachtúil neamhspleách a bunaíodh faoi Chuid 5 d'Acht an Gharda Síochána 2005.
  2. Cad é ról Chigireacht an Gharda Síochána?

    Is é ról na Cigireachta ná feabhas agus cuntasaíocht a chur chun cinn sa Gharda Síochána trína chinntiú go mbaintear leas as na hacmhainní atá ar fáil don Gharda Síochána ionas go ndéantar na leibhéil is airde éifeachtúlachta agus éifeachtachta a bhaint amach agus a chothabháil ina n-oibriú agus riarachán, arna thomhas trí thagairt do chaighdeán is fearr de sheirbhísí póilíneachta idirnáisiúnta.
  3. Cé hiad comhaltaí Chigireacht an Gharda Síochána?

    Triúr comhalta atá ar fhoireann na Cigireachta, arna gceapadh ag an Rialtas. Is í Kathleen O’Toole an Príomh-Chigire. Ag soláthar tacaíochta di tá beirt Leas-Phríomhchigirí, Simon O’Brien, iarchomhalta den London Metropolitan Police Service (Seirbhís Póilíneachta Cathrach Londan) agus Kevin Giblin, iarchomhalta den Federal Bureau of Investigation (Biúró Feidearálach um Imscrúdú SAM), Washington, D.C.
  4. Cén t-ábhar cigireachta a bheidh ag  Cigireacht an Gharda?

    Ar iarratas ón Aire Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí, nó le cead ón Aire, déanfaidh Cigireacht an Gharda Síochána iniúchadh ar oibríocht agus/nó ar riaradh an Gharda Síochána.

    Tar éis don Phríomh-Chigire iniúchadh a dhéanamh, cuirfidh sí tuarascáil faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí.
  5. Cén tuarascálacha atá foilsithe ag Cigireacht an Gharda Síochána?

    Foilsíodh na tuarascálacha seo a leanas go dtí seo:

    ‘Struchtúr Bainistíochta Sinsearaí an Gharda Síochána’, (Deireadh Fómhair 2006) ina bhfuil moltaí ar phoist shinseartha sa Gharda Síochána a oscailt do shibhialtaigh, lena n-áirítear an Príomhoifigeach Riaracháin ag leibhéal Leas-Choimisinéra chun déileáil le riarachán agus le bainistíocht acmhainní.

    ‘Athbhreithniú ar Chleachtais agus Gnáthaimh le haghaidh Eachtraí Baracáide’, (Feabhra, 2007) inar tógadh san áireamh tuarascáil Bhínse Fiosrúcháin Barr agus inar moladh céimeanna breise le cleachtas an Gharda Síochána a réiteach leis an gcleachtas is fearr d'eachtraí den sórt sin.

    ‘An Phóilíneacht in Éirinn, Súil Chun Cinn’ (Meán Fómhair, 2007) ina bhfuil measúnú fadréimseach ar an nGarda Síochána a mholann leasaithe feidhmiúcháin agus riaracháin a chuirfidh ar chumas an Gharda Síochána feabhas a bhaint amach sa phóilíneacht.

    Leithdháileadh Acmhainni (Meán Fómhair, 2009). Moltar cur chuige nua maidir le leithdháileadh acmhainní sa Gharda Síochána agus ábhar do chairt an Gharda Síochána sa tuarascáil seo. Aibhsítear inti imscaradh reatha acmhainní daonna sa Gharda Síochána agus aimsítear scóip inti maidir le réiteach níos fearr idir acmhainní and leibhéil iomlaoideacha an éilimh ar sheirbhísí póilíneachta. Aibhsítear inti, ach go háirithe, a riachtanaí is atá uainchláir nua don Gharda Síochána, a bheidh níos solúbtha, mar aon le cleachtais oibre níos éifeachtaí, laghdú ar dhualgais nach de chroílár obair an Gharda, amanna oscailte stáisiún a bheidh ag freagairt níos fearr don éileamh ag an bpobal ar sheirbhísí oifige, chomh maith le clár struchtúrach sibhialaithe.
  6. An ndéanfaidh Cigireacht an Gharda Síochána gearáin maidir le baill den Gharda Síochána a fhiosrú?

    Ní dhéanfaidh. Níl cumhacht reachtúil ag Cigireacht an Gharda Síochána chun gearán maidir le haon bhall den Gharda Síochána a fhiosrú. Is é Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána a bunaíodh freisin faoi Acht an Gharda Síochána 2005 a phléann le fiosrúcháin den sórt sin. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún ag info@gsoc.ieLóghlao 1890 600 800
  7. Conas is féidir teagmháil a dhéanamh le Cigireacht an Gharda Síochána?

    87 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, Éire.

    Teileafón 00 353 1 4086500, Facs 00 353 1 4086599, Ríomhphost info@gsinsp.ie
  8. Cad é an difríocht idir Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána agus Cigireacht an Gharda Síochána?

    Is é atá i gCoimisiún Ombudsman an Gharda Síochána ná comhlacht reachtúil a bunaíodh le hAcht an Gharda Síochána, 2005 le glacadh le gearáin maidir le baill den Gharda Síochána agus iad a fhiosrú.
    Níl cumhacht reachtúil ag Cigireacht an Gharda Síochána gearán maidir le baill den Gharda Síochána a fhiosrú. Bunaíodh Cigireacht an Gharda Síochána leis an gcleachtas póilíneachta is fearr agus na leibhéil is airde d'éifeachtúlacht agus éifeachtacht in oibriú agus riarachán an Gharda Síochána a chinntiú.
  9. An bhféadann baill den phobal teagmháil a dhéanamh le Cigireacht an Gharda Síochána lena dtuairimí nó a dtráchta i dtaobh éifeachtacht an Gharda Síochána a thabhairt?

    Féadann. Bíonn an Chigireacht lán-sásta tuairimí bhaill an phobail a chloisteáil, moltaí maidir le feabhas a chur ar phóilíneacht ina bpobail ach go háirithe.